Seán Mac Mathúna

Úrscéalaí, gearrscéalaí, agus drámadóir as Trá Lí i gContae Chiarraí é Seán Mac Mathúna.

Bhain sé cáil nach beag amach lena chnuasach gearrscéalta Ding agus Scéalta Eile (1983). Ó shin foilsíodh leabhair leis i nGaeilge a gus i mBéarla, agus léiríodh dráma leis, Gadaí Géar na Geamhoíche/The Winter Thief in Amharclann na Mainistreach, agus Hula Hul sa Taibhdhearc. Bhuaigh an dara cnuasach gearrscéalta leis Banana Gradam Uí Shúilleabháin i 1999, agus foilsíodh úrscéal gearr leis i 2005, Scéal Eitleáin. Foilsíodh rogha dá chuid gearrscealta sa chnuasach Úlla i 2005. Sa bhliain 2008 foilsíodh a úrscéal mórdhíola Hula Hul, agus i 2010 foilsíodh Gealach. Foilsíodh an t-úrscéal is deireanaí leis, Doras Fuinneog Scuab i 2015.

Léirmheasanna

“Tuigeann Mac Mathúna síceolaíocht; tuigeann sé éad, saint, sotal, urraim agus grá, agus bíonn iomlán léir na nithe sin ag iomarscáil lena chéile sna carachtair a chruthaíonn sé.” Pól Ó Muirí, The Irish Times

“One of the best books I have read for decades. Mac Mathúna has brought back something to the short story that has been missing since Joyce." Brendan Kenelly, ‘Books and Company’, RTÉ

"Stories told with brilliant verce, parodic skill and surreal competence, the savagery of the satitre mitigated on every page by thoughts and turns of phrase that make the reader stop his quiet chuckling and laugh out loud." Sean McMahon, The Irish Independent

"Tagann sciatháin faoin bprós agus crochann siad an léitheoir chun siúil i dtreo na síoraíochta nó 'go háit ná feadar." Eoghan Ó hAnluain, Feasta.

Tuilleadh....

 

Buachaill agus cailín sna déaga ar a gcamchuairt trí shráideanna fuara Bhaile Átha Cliath. Doras an t-ainm atá ar an mbuachaill, Fuinneog atá ar an gcailín. Cuireann siad aithne ar mhadra, Scuab. Tá an triúr acu ar a dteitheadh ó ghardaí, ó shagairt agus ó dhaoine fásta. Ó dheas leo amach trí na páirceanna ar bhóithre beaga tuaithe, agus iad sa tóir ar an rud nach bhfuil acu: Baile.
Tuilleadh
Ar fheirm mhuintir La Tour i Nova Scotia tá Gealach, ceann de na capaill ráis is fearr i gCeanada. Agus í á tabhairt i mbád trasna an chuain titeann Gealach san fharraige. Sa cheo trom imíonn an capall as radharc. Cuirtear saol na feirme bunoscionn. Ní chreidfidh an cúpla, Jack agus Liz, go bhfuil Gealach báite, agus téann siad ar a tóir. Ach tá an t-am ag sleamhnú: tá fiacha móra ar an bhfeirm agus, gan Gealach, caillfidh siad an teach agus gach rud atá acu. Ní hamháin sin, ach tá searrach á iompar ag Gealach agus má tá sí fós beo, caithfidh siad teacht uirthi go tapa!
Tuilleadh

Hula Hul

Seán Mac Mathúna
€12.00
€9.00

"Ciarraí, 1923. Ar bharr an choma thuas chas sé agus d'fhéach sé thar n-ais. Bhí sí fós ann, le hais an tobair, is a buicéidín aici is í ag féachaint suas air. D'fhéach sí beag, leochaileach, uaigneach. Thuig sé na trí rud san go maith. Ní raibh sé riamh

Tuilleadh

"NA 10 nÚRSCÉAL IS FEARR Ó CHASADH AN CHÉID" — Comhar Ciarraí, 1923. I laethanta deireanacha an chogaidh chathartha tugtar ordú don chaptaen Mait Dálaigh: “An dispatch-box san, caithfidh sé a bheith sa Seanabhaile roimh an gcúigiú lá, sin cúig lá. Agus é

Tuilleadh